Le tacaíocht ó:
Comhpháirtí:
Friends
Faoin tionscnamh ONLINEFILM
Is í aidhm an tionscnaimh ONLINEFILM.org agus ár gcuid comhpháirtithe ná chun clár dleathach dáileacháin a chruthú do mhargaíocht, ar chostas íseal, agus do dhíoladh scannán Eorpach tríd an idirlíon san Eoraip agus ar fud an domhain.

Baineann muid úsáid beagnach eisiach as bogearraí atá saor agus foinse oscailte fá choinne ríomhchlárú agus bainistíocht an tairsí. Cinntíonn sé seo go gcoinnítear costas na n-idirbheart, agus costas íoslódála scannáin dá réir, chomh réasúnach agus is féidir.

Le haghaidh dháileadh shonraí scannán úsáideann muid an bogearraí seanbhunaithe idir comhghleacaithe BitTorrent (www.bittorrent.com). Tá cruthaithe ag BitTorrent a fhíormhaithe is atá sé i mbun seolta ar mhéideanna móra sonraí go gasta agus ar chostas íseal thar an idirlíon.

Ní dhéanann muid ár gcuid scannán a chosaint leis na córais bhainistíochta ceart digiteach (nó DRM), mar a thugtar orthu, toisc go mbíonn siad seo costasch agus mí-éiféachtach. Ina n-ionad díríonn muid ar fhollasacht agus ar phróiseas cóir.

Tabharfaidh muid léargas ar ár gcóras praghsaithe agus dáileadh brabús dár gcuid cuistaiméirí. Feicfidh siad nach n-imíonn an t-airgead a íocann siad as íoslódálacha ach chun cóiriú struchtúr ONLINEFILM agus chun na scannánóirí / léiritheoirí a chruthaíonn na saothair a bhfuil siad ag baint taitnimh astu. Tugann muid "Trádáil Chóir Ceart Digiteach" ar an phrionsabal seo agus cuirfear i bhfeidhm é ar an uile leibhéal, os rud é go mbronnann sé ár stadás uathúil orainn i gcomparáid le solathróirí eile agus é ina bhunús ar an chóras atá againn.



Le tacaíocht ó:

- Clár MEDIA Plus an Aontais Eorpaigh
- Kulturelle Filmförderung (fóirdheontas scannánaíocht chultúrtha) Schleswig-Holstein,
- Hessische Filmförderung (fóirdheontas scannánaíocht Heiseánach),
- MSH - Gesellschaft zur Förderung audiovisueller Werke (cumann do fhóirdheontas saothar closamhairc) in Schleswig-Holstein

-------------

Comhpháirtí ONLINEFILM in Éirinn:

Comhlacht Éireannach scannánaíochta is ea Soilsiú Films, a bhfuil an iliomad gradam buaite aige agus a dhíríonn ar léiriú, dáileadh agus cur chun cinn scannán Éireannach.

Mar chomhlacht léiriúcháin, tá dhá bhliain déag de thaithí ag Soilsiú ag léiriú clár faisnéise, beochan - an buaiteoir BAFTA Sir Gawain and the Green Knight (do Channel 4/S4C) san áireamh - chomh maith le ficsean gearr. Tá Soilsiú Films lonnaithe i nGaeltacht Thír Chonaill in Éirinn. Fuair an comhlacht tacaíocht maoinaithe ó Chlár MEDIA an Aontais Eorpaigh sa bhliain 2004.

Le blianta anuas tá Soilsiú Films fíorghníomhach i spreagadh scannánóirí faisnéise Éireannach chun féidearthachtaí dáileacháin idirnáisiúnta a fhiosrú le haghaidh a gcuid saothar. Bhunaigh agus d'fhorbair Soilsiú an Fhéile Scannáin Faisnéise Guth Gafa (anois ceithre bliana ar an fhód, agus faoi bhainistíocht neamhspleách) agus chomhoibrigh siad leis an fhéile le seimineáir ar theicnící úra éagsúla dáileacháin a chur ar siúl.

Is iad na príomhphearsain de chuid Soilsiú Films atá ag plé leis an chomhpháirtíocht ONLINEFILM ná léiritheoir David Rane agus stiúrthóir Reto Stamm, a bhfuil na blianta taithí eatarthu i mbun léirithe agus chur chun cinn scannán.

www.soilsiu.com

Rphost: info@soilsiu.com